Рет қаралды 652
Cad é sin don té sin?
Chuaigh mé chun aonaigh is dhíol mé mo bhó
Ar chúig phunta airgid s ar ghiní buí óir;
Má ólaim an t-airgead is má bhronnaim an t-ór,
Ó, cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?
Má théim go coill chraobhach, 'chruinniú sméara nó cnó,
A bhaint úllaí de ghéaga nó a bhuachailleacht bó;
Má shínim seal uaire faoi chrann ag déanamh só
Ó, cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?
Má théimse chuig airneál is rince is spórt,
Chuig aonach is rásaí is gach cruinniú den tsórt;
Má tchím daoine súgach is má bhím súgach leo,
Ó, cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?
Deir daoine go bhfuil mé gan rath is gan dóigh
Gan earra gan éadáil, gan bólacht ná stór;
Má tá mise sásta 'mo chónaí i gcró
Ó, cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?
Tá ’fhios agam cailín deas, cneasta, lách, cóir,
Tá a cneas mar an eala is a pluca mar rós;
Má bhíonn sise is mise ag Inid ag gabháil cheoil
Ó, cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?