Рет қаралды 282
An Maidrín Rua
Ag gabháil ó thuaidh dom thar Shliabh Luachra,
‘Gus mé ‘cur tuairisc mo ghéanna,
Ar mo chasadh aduaidh sea a fuair mé a dtuairisc,
Go raibh maidrín rua á n-aoireacht!
Curfá:
An maidrín rua, rua, rua, rua, rua,
An maidrín rua atá gránna;
An maidrín rua ina luí sa luachair,
Agus barr a dhá chluas in airde.
“Good morrow, fox!” “Good morrow, sir!”
“Pray what is that you’re ateing?”
“A fine fat goose I stole from you,
And will you come and taste it?”
Curfá
“Oh! no indeed, ní áil liom í,
Ní bhlaisfead pioc di ar aon chor,
But I vow and swear you’ll dearly pay
For my fine fat goose you’re ateing!”
Curfá
“Ní bhlaisfead pioc is ní íosfad giob,
Is ní rachaidh aon smut i m’ bhéal de,
But I vow and swear you’ll dearly pay
For my fine fat goose you’re ateing!”
Curfá
Greadadh croí cráite ort, a mhaidrín ghránna,
A rug uaim m’ál breá géanna,
Mo choiligh mhóra bhreátha ‘s mo chearca ‘bhí go hálainn,
Is mo lachain bheaga ab fhearr a bhí in Éirinn!
Curfá deiridh
Tally ho lena bhonn! Tally ho lena bhonn!
Tally ho lena bhonn, a choileáinín!
Tally ho lena bhonn! Tally ho lena bhonn!
Agus barr a dhá chluas in airde!