Рет қаралды 9,658
T-Rex ag rapáil faoin dán Colscaradh le Pádraig Mac Suibhne
Ceol/Musiv BalkanoO Beats Sad Emotional Crying Rap Beat Hip Hop Instrumental Mein Lichtblick
Colscaradh
Pádraig Mac Suibhne
Shantaigh sé bean
I nead a chine,
Faoiseamh is gean
Ar leac a thine
Aiteas is greann
I dtógáil clainne.
Scaradar
Shantaigh sí fear
Is taobh den bhríste,
Dídean is searc
Is leath den chíste
Saoire thar lear
Is meas na mílte.
Thángthas ar réiteach.
Scaradar.
Bhí fonn air bean a fháil
I measc a phobail féin
Compord is grá
Os comhair na tine
Spórt is pleisiúr
I dtógail clainne
Scaradar
Bhí fonn uirthi fear a fháil
Is cuid den udarás
Fothain is grá
Is leath den ioncam
Saoire thar farraige
Is meas ag na mílte uirthi
Pósta le chéile
Bean agus fear
Bhí a fhios acu
Go raibh rud éigean cearr
Fear soineanta
Ag lorg bean an tí
Saol traidisiúnta
Le curamaí an tí
Saol foirfe
Saol simplí
Saol suaimhneach
Sport is spraoi
Buachaill na tuaithe
Ag suí cois teallaigh
Páistí i ngach áit
Failte Uí Cheallaigh
Curfá
Croí lár na faidhbe
An dearcadh difriúil
Mianta éagsúla
Sin é mo bharúil
Teannas agus coimhlint
Istigh sa teach
Ní raibh siad in ann
Tíocht ar comhréiteach
Socraigh siad ar phlean
Scaradh óna chéile
Ar son faoisimh
Mar bhealach éalaithe
Dea-thodhcaí
Níl sé in ann
Beirt acu cosúil
Le dubh agus bán
Bean uaillmhianach
Í nua-aimseartha
I gcoimhlint lena fear
A bhí sean-fhaiseanta
Bean ardnósach
Ag lorg saoirse
I ndeairaedh na dála
Ní raibh ann ach daoirse
Bean neamh-spléach
Ag caitheamh a bhríste
Cumhacht agus údarás
I bhfoirm císte
Coimhlint géar
Le mothú sa teach
Saol lena chéile
Ní raibh sé oiriúnach
Feicimid go bhfuil
Fonn ar an bhfear
Caidreamh a chothú
An rud is fearr
Feicimid go bhfuil
Fonn ar an mbean
Saibhreas agus meas
Ach cá bhfuil an gean?
Céart a bhí ag teastail
Ioncam an tí
Saoire thar lear
Spórt is spraoi
Tuiscintí éagsúla
Codarsnacht mór
Pósadh ar ceal
Brón go leor
Curfá
Croí lár na faidhbe
An dearcadh difriúil
Mianta éagsúla
Sin é mo bharúil
Teannas agus coimhlint
Istigh sa teach
Ní raibh siad in ann
Tíocht ar comhréiteach
Socraigh siad ar phlean
Scaradh óna chéile
Ar son faoisimh
Mar bhealach éalaithe
Dea-thodhcaí
Níl sé in ann
Beirt acu cosúil
Le dubh agus bán