Рет қаралды 29
Sa léacht seo, pléann an Dr Ian Malcolm ról na bProtastúnach i stair na Gaeilge in Éirinn. Amharcfaidh sé orthu siúd a choinnigh coinneal na teanga beo nuair a bhí sí i mbéal a báis, mar aon le daoine amhail William Bedell agus William Daniel a d’aistrigh an Bhíobla go Gaeilge.
Múinteoir Gaeilge do dhaoine fásta is ea Ian agus tá sé le cloisteáil is le feiceáil go minic sna meáin Ghaeilge mar thráchtaire polaitiúil, ag míniú dhearcadh an phobail Aontachtaigh i dtaobh chúrsaí Thuaisceart Éireann. Tá sé bródúil as a leagan Gaeilge de The Sash a chanadh cois na Bóinne!