Рет қаралды 1,753
Ba é Antoine Ó Raifteirí, an file agus fidléir dall a rugadh i gCoillte Mach i gContae Mhaigh Eo sa bhliain 1779, a scríobh an t-amhrán seo. Tá sé ar cheann de na hamhráin ghrá is áille a cumadh riamh sa nGaeilge. Bhí muintir Taffe mar phatrún ag Raifteirí, ach d’fhág sé iad de bharr easaontais agus thaistil sé go fada fairsing mar bhard. Tá clú air mar dhuine de na baird taistil deiridh a bhí ann. Cailleadh é in 1835 i gCreachmhaoil, Co. na Gaillimhe.