Iontach. Great vibrato in his singing, which makes Nicolas Toibin's voice very distinctive and melodic. Greatly under appreciated during his lifetime.
@anthonywestofireland25033 жыл бұрын
Powerful
@rentregagnant6 жыл бұрын
Míle buíochas leat as a bhfuil curtha ar fáil anseo agat. Chualas an t-amhrán seo don chéad uair ar théip taifeadáin de cheolchoirm ón Rinn ach is baolach nach raibh teacht agam ar na focail - rud a chuir as dom go mór, de bharr an fonn a bheith chomh hiontach is atá. Ina theannta sin - agus níos tabhachtaí fos, is dócha - níor thuigeas I gceart céard a bhí i gceist leis an amhrán, ná an scéal a bhí á insint ann. Nuair a tháinig mé (de thaisme) ar do bhealach KZbin, agus na focail athscríofa agat, scaipeadh na scamaill! Tuigtear dom anois gur leagan giorratha d’amhrán níos faide áta I gceist agus tá an t-amhrán sin (ina leagan iomlán) ar fáil ar shuíomh sheannóis, mar atá: old.tg4.ie/ie/programmes/archive/irial-o-c/both.html .
@antiolrachmor6 жыл бұрын
Go raibh míle maith agat, cuireann sé an-áthas orm scéal mar seo a léamh! Sin é an fáth go gcuirim na hamhráin seo ar fáil, toisc nach mbíonn na focail le fáil go ró-mhinic. Tá súil agam gur bhainis taitneamh as!
@rentregagnant6 жыл бұрын
An-taitneamh, go deimhin! Taim a fhoghlaim de ghlanmheabhair. Ni ro-shasta ata na comharsain, na an gadhar ach ' oiread - ach nach cuma liom!)
@carthachofaolain73656 жыл бұрын
Caifear a rá go bhfuil easaontas maidir leis an leagan eile... Níl daoine ar chomhintinn faoi!
@rentregagnant6 жыл бұрын
Ni raibh fhios agam gur cuis chonspoide e... Ta suil agam nach e an comarc go himirt anama ata ar siul acu sa tSeanPharoiste!
@antiolrachmor6 жыл бұрын
Cén sort easaontas atá ag baint leis a Chárthaigh? Agus cad a mheasann tú fhéin mar gheall air?