Рет қаралды 784
An Cailín Álainn
Tá cailín álainn a dtug mé grá di
Is í is áille ná bláth is ná rós.
Gan í ar láimh liom, is cloíte atá mé,
A chailín álainn, is tú fáth mo bhróin.
Curfá
A chailín álainn, a dtug mé grá duit
Bí ar láimh liom, a mhíle stór.
Is abair liomsa gur tú mo ghrá geal
Beidh orm áthas in áit an bhróin.
Nuair a éirím amach go huaigneach
Siúd an uair is mó mo bhrón.
Bím ag smaoineamh ar an chailín uasal
Atá i bhfad uaimse, mo chreach is mo bhrón.
Curfá
Dá dtiocfá liomsa, a chailín álainn,
Arís go brách, ní bheadh ort brón.
Sheinnfinn ceol duit mar cheol na cláirsí
Nó ceol binn smólach sa drúcht geal ceo.
Curfá